Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Fostach go háitiúil ar an Charraig. Buachailleacht eallaigh agus ag timireacht leis. | 00:04:09 | |
In 1947, tháinig sé seachtaine de shneachta agus siocán agus ní raibh sé féin agus na fir eile ábalta obair. Fuair siad a bpá i rith an ama sin, £5/10s. | 00:06:01 | |
Obair: In 1948, d’imigh sé suas go ‘Loch Sloy’ an áit ina raibh Scéimeanna Hidrileictreacha (hydro scheme), bhí siad ag déanamh tolláin isteach faoi chnoc. Théadh na fir isteach faoi bhruach nuair a bhíodh ‘blast Jelly’ réidh le himeacht. Cheoladh Jimmy Dinny amhrán a fhad agus a bhíodh said ag fanacht leis. | 00:11:11 | |
Obair: In 1952, fuair sé post ag tiomaint traenach - traein faoi thalamh (underground subway). A chuimhne ar an lá in 1953 nuair a chuaigh banríon na Sasana fríd Glaschú - bhí Charlie ag obair mar mhaor. | 00:07:47 | |
B’éigean do troid sé ar an traein oíche amháin. | 00:03:06 | |
Scéim bhaint na móna faoin Chomhairle Contae – ba sin an chéad airgead a tháinig isteach na h-áite in 1940. Shaothraigh siad punta sa lá. | 00:04:14 | |
Obair: Obair slándála leis an bhord gáis in Albain ar feadh sé bliana. Obair uaigneach a bhí ann. Bhí léir Éireannaigh ag déanam an obair sin. Cur síos ar an obair sin agus cuid de na daoine a casadh air. | 00:07:11 | |
Bheadh a athair agus a dhearthair Jimmy ag búisteoireacht agus ba ghnách lena mháthair Annie cuidiú leo ag díol feola agus í ag iompair bascaeid feola ó theach go teach. | 00:00:57 | |